Niall Tóibín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNiall Tóibín

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Samhain 1929
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Samhain 2019
89 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
NáisiúntachtÉireannach
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir teilifíse, aisteoir stáitse, aisteoir scannáin, fuirseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1950í –  2018
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

IMDB: nm0865636 IBDB: 62407 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba aisteoir agus fuirseoir Éireannach é Niall Tóibín. Saolaíodh é i gCorcaigh ar an 21 Samhain 1929,[1] i dteaghlach le Gaeilge ó dhúchais.[2] Shíothlaigh sé ar an 13 Samhain 2019.[3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Tóibín i dtuaisceart na cathrach i mBishop's Field, agus oileadh é ag an Mainistir Thuaidh. Nuair a bhí a chuid oideachas curtha de aige, d'fhág sé Corcaigh chun post a fháil sa státseirbhís i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir sa bhliain 1947.

Ballykissangel

Bhí sé gníomhach in Amharclann an Damer mar aisteoir agus mar léiritheoir.

Bhí páirt glactha aige i scannáin agus i sraitheanna teilifíse, mar shampla Ryan's Daughter agus Bracken sna 1970idí, The Irish R.M. agus Caught in a Free State sna 1980idí, agus níos déanaí Veronica Guerin, Ballykissangel agus Far and Away.[4] Chaith sé tréimhse fhada rathúil ina réimse gairme a mhair dhá scór bliain.

Bhí aisteoireacht déanta aige don raidió chomh maith, mar shampla a thaispeántas mar aoi ar an gclár Baldi ar BBC Radio 4.

Rinne sé leaganacha gutha de ghearrscéalta le Seán Mac Mathúna freisin.

Tháinig néaltrú air agus d'éag 13 Samhain 2019 (in aois 89 bliain dó).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]