Feachtas Gaeilge do shiopaí seolta san ardchathair

Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Daithí de Róiste le Mícheál Ó Nualláin agus an búistéir Stephen Troy

An tArdmhéara taobh istigh de shiopa Bhúistéirí Troy i mBaile Átha Cliath. Tá an siopa mar cheann de 40 gnólacht atá páirteach san fheachtas úr

thumbnail: Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Daithí de Róiste le Mícheál Ó Nualláin agus an búistéir Stephen Troy
thumbnail: An tArdmhéara taobh istigh de shiopa Bhúistéirí Troy i mBaile Átha Cliath. Tá an siopa mar cheann de 40 gnólacht atá páirteach san fheachtas úr
Conchúr Ó Faoláin

Seoladh feachtas úr de chuid Baile Átha Cliath le Gaeilge chun siopaí a spreagadh leis an Ghaeilge a úsáid lena gcuid custaiméirí.

Thug Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste, cuairt ar trí ghnólacht atá ag glacadh páirt sa scéim – Búistéirí Troy ar Shráid Uí Mhóra, Trádálaithe Shráid Uí Mhóra agus Tábhairne Hynes i mBóthar na gCloch.

Chuir BÁC le Gaeilge frásaí simplí ar fáil– ar nós ‘Dia duit’ agus ‘go raibh maith agat’ – le gur féidir leo comhrá trí Ghaeilge a spreagadh.

Dúirt Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste: “Tá an líon is mó cainteoirí laethúla Gaeilge sa tír i mBaile Átha Cliath. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil deiseanna acu siúd a labhraíonn Gaeilge gach lá ár dteanga dhúchais a úsáid sa phobal.

“Tugann an feachtas nua seo deis dúinn an Ghaeilge a fheiceáil, a úsáid agus a chleachtadh go laethúil. Molaim d’aon mhiondíoltóir atá lonnaithe sa chathair teagmháil a dhéanamh le Baile Átha Cliath le Gaeilge chun tús a chur lena n-aistear leis an teanga Ghaeilge a úsáid is a chur chun cinn.”

Dúirt Stiúrthóir Baile Átha Cliath le Gaeilge, Mícheál Ó Nualláin: “Tá luach as cuimse leis an nGaeilge, luach eacnamaíochta san áireamh.

“Tar éis dúinn scéim phíolótach a reáchtáil, chonaiceamar go raibh 400 custaiméir sa bhreis in aghaidh na bliana ag teacht díreach leis an Ghaeilge a úsáid sna gnólachtaí faoin scéim. Le €44 caite ar an mhéan ag an ghnáthdhuine sna siopaí, d’fhéadfadh le siopa suas le €17,600 breise a thógáil isteach in aghaidh na bliana as na custaiméirí breise sin a bheith acu.

“Tá deis iontach againn anseo tionchar a imirt ar líon na gcainteoirí laethúla i mBaile Átha Cliath. Cruthaíonn an teanga nasc uathúil le custaiméirí agus le scéim ‘Give Gaeilge a Go’, is féidir le daoine ar gach cumas Gaeilge páirt a ghlacadh ann.”

Agus ag labhairt dó le Raidió na Life, dúirt Mícheál go mbeadh gnólachtaí in ann gnáthchomhrá idirbheartaíochta a bheith acu ag baint úsáid as na frásaí seo, agus go bhfuil taighde ann a léiríonn go bhfuil luach eacnamaíochta leis an teanga.

“De réir taighde nua déanta ag Gaelchultúr agus Amárach, deir 41 faoin gcéad de dhaoine go raibh níos mó seans go gceannódh siad táirge a úsáideann an Ghaeilge i gcomparáid le ceann nach n-úsáideann,” a dúirt sé.

“Ní hamháin sin, tá duine as gach ceathrar sásta níos mó airgid a chaitheamh in áit a úsáideann Ghaeilge sa mhargaíocht acu i gcomparáid le háit nach n-úsáideann.’’

Is comhthogra é BÁC le Gaeilge leis an gComhairle Cathrach agus Conradh na Gaeilge le maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. An aidhm atá acu ná go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil níos mó sa chathair.

“Táimid ag feidhmiú le breis is dhá bhliain. Ón taighde agus an obair a dhéanaimid ag plé leis an bpobal, chonaiceamar go raibh spreagadh uathu siúd a bhfuil beagán Gaeilge acu chun í a úsáid.’’

Tá thart ar 40 gnólacht i mBaile Átha Cliath tar éis clárú le BÁC le Gaeilge cheana féin, ach teastaíonn uathu cur leis an líon sin, go háirithe i measc miondíoltóirí.

Is spreagadh é an togra seo do ghnólachtaí eile ar mian leo an Ghaeilge a úsáid, mar go staitistiúil, tá Gaeilge ag 30 faoin gcéad den phobal, ní hamháin i mBaile Átha Cliath.

“Táimid ag iarraidh na Gaeilgeoirí sin a aimsiú, agus más rud é go bhfuil Gael ag obair i gceann de na siopaí atá thart ar chathair Bhaile Átha Cliath, ba bhreá linn cloisteáil uathu ionas go mbeidh siad mar an pointe teagmhála don ghnó le bheith ag caitheamh leis an phobal i nGaeilge.’’

“Léiríonn sin go bhfuil féiniúlacht le branda más rud é go gcuireann siad an Ghaeilge chun cinn, atá chomh tábhachtach in áit chomh mór le Baile Átha Cliath.

“Tá go leor tacaíochtaí saor in aisce ag BÁC le Gaeilge do ghnólachtaí. Ba bhreá linn cloisteáil ó ghnólacht ar bith gur mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn ina n-ionad oibre.”

Tá BÁC le Gaeilge ag lorg 40 miondíoltóir lonnaithe i lár Bhaile Átha Cliath le páirt a ghlacadh sa scéim. Is féidir le gnólachtaí clárú le BÁC le Gaeilge ar baclegaeilge.ie.