Anois teacht na scoláirí samhraidh agus tranglam tráchta a dtuismitheoirí ar Bhóthar Chois Fharraige – Tuairisc.ie

Anois teacht na scoláirí samhraidh agus tranglam tráchta a dtuismitheoirí ar Bhóthar Chois Fharraige

Tá réiteach an-simplí ar thrácht an tsamhraidh i nGaeltacht Chonamara…

Anois teacht na scoláirí samhraidh agus tranglam tráchta a dtuismitheoirí ar Bhóthar Chois Fharraige

Anois teacht an tsamhraidh agus ní fada uainn na cuileoga. Iad siúd a thiocfaidh ina gcéadta go Cois Fharraige agus Conamara, a éireoidh ar saithe ar thránna na dúiche, agus a íosfaidh a bhfuil rompu agus ina ndéidh. Ní ag caint ar Culicoides impunctatus Haematopota pluvialis féin ach an scoláires coláistatus samhrae.

Ná ceaptar nach gcuirim fáilte mhór roimh dhéagóirí na hÉireann chun na Gaeltachta, is breá liom iad a fheiceáil ag caint go bríomhar lena chéile ag ceann an bhóithrín, an ceol a éiríonn ar an aer anoir ón gCnoc a chloisteáil, agus an chraic agus an spraoi a fheiceáil ar thránna Chois Fharraige. Go deimhin, shaothraigh mé féin mo chuid i gcoláistí samhraidh ó cheann ceann na tíre ar feadh na mblianta.

An t-aon rud amháin a chuireann isteach orm faoi theacht na ndéagóirí (nó teacht a dtuismitheoirí is cirte dom a rá) ná an plód tráchta a thagann leo ar Bhóthar Chois Fharraige. Chuile dheireadh seachtaine, ó thús an Mheithimh go deireadh mhí Lúnasa bíonn sé ina thranglam tráchta ó Bhóthar na Trá siar – an bóthar dubh le carranna na dtuismitheoirí atá ag teacht ar cuairt ag a gclann sna coláistí samhraidh.

An rud is measa faoin scéal ná gurb é an cúrsa céanna a leanann formhór mór na gcarranna seo – siar ó chathair na Gaillimhe go Coláiste Chonnacht, Coláiste Lurgan, Coláiste Uí Chadhain nó do rogha coláiste eile níos faide siar agus aniar arís ar an bpointe boise go cathair na Gaillimhe. Arís sa tráthnóna, leantar an cúrsa céanna agus an scoláire óg á thabhairt ar láimh arís do bhean an tí.

Cruthaíonn an plód tráchta seo go leor deacrachtaí. Ar an gcéad dul síos, is mór an peaca é go mbeadh na céadta carra á dtiomáint siar is aniar agus éigeandáil aeráide ar siúl – éigeandáil atá ag cur na Gaeltachta féin i mbaol.

Ar an dara dul síos, déanann líon mór carranna ar an mbóthar an bealach i bhfad níos contúirtí d’úsáideoirí leochaileacha na mbóithre – coisithe agus rothaithe den chuid is mó. Agus ar deireadh, cuireann trácht seo na dtuismitheoirí isteach go mór ar mhuintir na háite agus iad ag iarraidh a gcuid tiomána féin a dhéanamh.

Tá réiteach an-simplí ar thrácht seo an tsamhraidh – an bus. Mar a luaigh mé thuas, is ag tabhairt a ngasúr isteach go cathair na Gaillimhe a bhíonn formhór mór na gcuairteoirí Domhnaigh. Ar ndóigh, téann corrdhuine siar an bealach ach is ar McDonald’s, Penney’s, Prom Bhóthar na Trá agus iontaisí eile na cathrach a bhíonn an chuid is mó acu ag triall.

Dá seolfadh na coláistí samhraidh féin na scoláirí ina scórtha isteach go cathair na Gaillimhe, níor chall do na tuismitheoirí an turas 50km+ a dhéanamh maidin agus tráthnóna. D’fhéadfaí láthair tionóil a ainmniú agus a rá leis na tuismitheoirí castáil lena n-aingeal beag ann. Arís sa tráthnóna, chuirfí an scoláire ar an mbus siar arís go dtí bean an tí.

Laghdódh an gníomh simplí seo líon na gcarranna ar bhóthar Chois Fharraige, shábhálfadh sé na mílte lítear díosail, dhéanfadh sé bóithríní na Gaeltachta níos sábháilte do mhuintir na háite, agus d’fhágfadh sé go mbeadh i bhfad níos mó ama (taobh amuigh den charr) ag na teaghlaigh leis na scoláirí. Dá ngabhfadh na coláistí féin i gcomhairle lena chéile d’fhéadfaí córas an-éifeachtach ar fad a shocrú agus scoláirí ó chúpla coláiste difriúil a chur in aon bhus amháin.

Tá an saol athraithe go mór ó bunaíodh na coláistí samhraidh an chéad lá riamh. Tá i bhfad níos mó carranna móra ar na bóithre ná mar a bhí riamh agus tá éigeandáil aeráide ann ar fud an domhain. Tá sé in am gníomhartha beaga fónta a dhéanamh le dul i ngleic leis sin ar fad.

Fág freagra ar 'Anois teacht na scoláirí samhraidh agus tranglam tráchta a dtuismitheoirí ar Bhóthar Chois Fharraige'

  • Seánín

    Céard faoi eacnamaíocht na Gaeltachta i gConamara? Bheidís as póca! Dóthain á chaitheamh i nGaillimh.

  • Proinsias

    Níl a dhóthain áiteacha i gConamara Theas chun freastal ar na “Gaeilgeoirí” as na coláistí samhraidh ar fad. Is smaoineamh an mhaith é busanna a chur ar fáil.
    Mar shampla ag na soilse tráchta i mBearna agus i gCnoc na Cathrach bíonn scuainí caranna ina lán-stad agus deatach agus múch diesel á scaipeadh acu ar fud na háite . Seans go mbeadh na tuistí an sásta go deo do bheith ag íoc as busanna mar tá cáil go náisiúnta ar tranglam tráchta na gColáistí Samhraidh Gaeltachta!
    Cothaíonn an tranglam tráchta seo droch-íomhá dos na Gaeltachtaí, i.e. nach bhfuil cloiste againn faoin athrú aeráide.