Scannán nua Kneecap 
ag oscailt Fhleadh na Gaillimhe

An grúpa Kneecap

Beidh an chéad deis ag lucht leanta Kneecap in Éirinn amharc ar an scannán a léirigh an grúpa ó Bhéal Feirste tar éis gur roghnaíodh Kneecap chun Fleadh Scannán na Gaillimhe a oscailt i mí Iúil.

Tá Kneecap, a insíonn scéal faoi conas mar a tháinig an grúpa ar an saol, roghnaithe ag an bhféile a bheidh á reáchtáil i gCathair na dTreabh idir an 9-14 Iúil.

Tar éis gur fógraíodh go mbeadh Kneecap ag oscailt na Fleidhe ar an Luan, díoladh na ticéid luatha ar fad laistigh de thréimhse an-ghairid. Beidh eisiúint eile ticéad ann nuair a fhoilseofar an clár iomlán ar an 15 Meitheamh.

Agus iad ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí – baill an ghrúpa – go raibh siad “ag buzzáil” gur roghnaíodh an scannán ina bhfuil an t-aisteoir iomráiteach Michael Fassbender páirteach i ról mar athair Mhóglaí Bap – an scríbhneoir agus iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge Gearóid Ó Cairealláin sa bhfíor-shaol.

“Is mór an onóir dúinn gur roghnaíodh Kneecap chun príomh-fhéile scannán na hÉireann a oscailt – ba iontach an t-eispéaras a bhí againn ag Sundance ach ní féidir iarthar na hÉireann a shárú,” a dúirt siad, ag tagairt don bhféile scannán i Meiriceá i mí Eanáir, áit ar bhuaigh siad gradam an lucht féachana.

“Táimid ag buzzáil ar son an chéad lucht féachana Éireannaigh chun an scannán a fheiceáil agus na tagairtí go léir nár thug na Meiriceánaigh suntas dóibh. Agus dar ndóigh beidh go leor cainteoirí Gaeilge sa tseomra chun é a fheiceáil.”

Thug an grúpa suntas freisin do chinneadh Fhleadh Scannán na Gaillimhe an Phalaistín a roghnú mar an tír a cheiliúrfar le linn na féile.

Dúirt Maeve McGrath, stiúrthóir na féile, go raibh ríméad orthu a bheith ag tabhairt a chéad léirithe Éireannaigh do scannán Kneecap, “scannán lán le beocht a chuirfidh an lucht féachana ag rince sa phictiúrlann”.

“Léiríonn an rogha seo an tiomantas atá ag an bhFleadh do scannáin as Gaeilge agus cur i láthair scannáin na hÉireann.”